Ag déanamh réidh agus ag imeacht na coláiste thíos i mBaile Bhuirne, cuid de na daoine a casadh air ansin. Bhíodh sé ag teacht na bhaile ar saoire agus ag déanamh na hoibre a bhí le déanamh m.sh. na préataí, feamnach, an mhóin, cochán. Bhí sé maith ag obair na speile. Cur síos ar am amháin a bhí sé ag pilleadh go Corcaigh agus chaill sé an traein ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh. B’éigean do an post-traein a fháil agus bhí sé an 3 a chlog ar maidin nuair a shroich sé Corcaigh. Fear a casadh air a bhí ag iarraidh air a dhul leis. Bhí sé 14 bliana d’aois san am.
Chaith sé 4 bliana ar an choláiste sin. Na daoine a bhí leis ina rang. Chailigh sé mar mhúinteoir. Chaith sé dhá bhliain i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Chaith sé cúpla seachtain mar ionadaí i nDoire Chonaire agus iarradh air a dhul go Toraí tamall, chaith sé bliain agus 3 mhí istigh i dToraí. Ansin d’imigh sé go hAlbain. | 00:12:25 | |